Publisher

Leabhar Breac

Irish publisher

Comhlacht foilsitheoireachta Éireannach is ea Leabhar Breac. Bhunaigh Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí an comhlacht sa bhliain 1995. Ba é an t-úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil an chéad leabhar a d'fhoilsigh siad, agus ó shin tá leabhair uile Liam Mhic Cóil foilsithe acu mar aon le mórchuid leabhar eile. Ón mbliain 2001 is é Darach Ó Scolaí atá i mbun stiúrtha an chomhlachta atá lonnaithe i gClochar na Locha in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige. Ar na leabhair eile a foilsíodh le Leabhar Breac, tá Fontenoy le Liam Mac Cóil, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2006, Hula Hul le Seán Mac Mathúna, agus An Cléireach le Darach Ó Scolaí a bhuaigh Duais an Oireachtais 2007.
Read more or edit on Wikipedia

Collections

0

    Editions

    0

Welcome to Inventaire

the library of your friends and communities
learn more
you are offline