Idir Shúgradh agus Dáiríre

original language:  Irish

Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair sa bhliain 1939 é Idir Shúgradh agus Dáiríre. Ba é an chéad chnuasach gearrscéalta ó Mháirtín Ó Cadhain é a foilsíodh agus is ag tosú amach mar scríbhneoir a bhí sé agus gan a bhuaic bainte amach fós aige. Is é a bhí le rá ag an Dr Máire Ní Annracháin faoin leabhar ná: Luathscéalta de chuid Mháirtín Uí Cadhain atá sa leabhar seo. Léitheoireacht riachtanach iad don té a bheadh ag iarraidh saothar an Chadhnaigh ina iomláine a mheas, agus don té a bheadh ag iarraidh stair an fhicsin Ghaeilge a thuiscint de réir mar a forbraíodh é as seánraí agus as saol an bhéaloidis i gcaitheamh an fichiú haois. Tá sainrian an Chadhnaigh ar na scéalta: saibhreas Gaeilge a chuirfeas léitheoirí faoi dhraíocht, an tsúil ghéar ar mhioscais an duine, an tuiscint ar an saol a aithníonn an tragóid agus an áiféis. Bíonn an saol searbh go leor sna scéalta seo, ach fós is féidir gáire a dhéanamh. Ní gáire gan trua é, áfach: tugann na scéalta cuireadh fial don léitheoir, arís is arís eile, a chroí a oscailt don té atá ar an imeall. Caoimhín Ó Marcaigh a dhear an clúdach. Source: Wikipedia (ga)

Editions
No editions found

Work - wd:Q13157418

Welcome to Inventaire

the library of your friends and communities
learn more
you are offline